Gaeltacht Loch Garman: When was Irish spoken in Wexford?

14 hours ago 1

Rommie Analytics

Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d’fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge. Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach. Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman.Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism 
Read Entire Article